Bród ar Bhanc na hÉireann feachtas ‘Gaeilge agus Fáilte ar an Aoine’ a sheoladh

Tá Banc na hÉireann le ceiliúradh a dhéanamh ar cheithre Aoine ‘Gaeilge agus Fáilte’ chomh maith le baint a bheith aige le sraith bhríomhar nua ar RTÉ – Bernard Dunne’s Bród Club.   Go ceann ceithre Aoine, ón Aoine an 9ú Márta, déanfaidh gach craobh ar fud na tíre ceiliúradh ar an nGaeilge agus spreagfar custaiméirí agus an fhoireann an oiread Gaeilge agus is féidir a labhairt.   Beidh deis ag duine ar bith a fhéachfaidh lé cúpla focal a labhairt ar na hAoiní sin saoire a bhuachan in Éirinn.

Féachfaidh sraith nua RTÉ, a thosóidh Dé Luain an 5ú Márta le 100,000 duine ar fud na hÉireann a chur ag labhairt na Gaeilge. Ar RTÉ tráthnóna Dé Luain ag 7.30 pm a chraolfar an clár agus féach www.rte.ie/brodclub le tuilleadh eolais a fháil.

Ag trácht ar an tionscnamh dúirt Tim O’Neill, Stiúrthóir Líonra na gCraobh: “Tá rún againn an-spórt a bheith againn ar na hAoiní seo agus nach breá an rud tacaíocht a thabhairt d’fheachtas mar seo a dheánann ceiliúradh ar theanga agus ar chultúr na tíre.  Is beag deis a bhíonn ag go leor againn na cúpla focal atá againn a labhairt agus deis iontach a bheidh anseo tacú le feachtas a spreagfaimid an méid Gaeilge atá againn, ach atá ligthe i ndearmad againn, a labhairt go compordach ar bhonn sóisialta.  Beimid thar a bheith sásta na cúpla focal atá againn a labhairt le haon chustaiméir lá ar bith eile freisin agus tacóimid go gníomhach leis an bhfeachtas Bród de réir mar a neartóidh sé.”

Ina theannta sin reáchtálfaidh Banc na hÉireann Celtic Youth Week ón 12ú -16ú Márta a bheidh ag díriú go háirithe ar dhaltaí dara leibhéal teacht na Féile Pádraig an 17ú Márta. Tabharfaidh gach ceann de 250 craobh Bhanc na hÉireann cuireadh do dhaltaí áitiúla teacht chuig a gcraobh áitiúil an Aoine an 16ú Márta áit a mbeidh daltaí ábalta leas a bhaint as a gcuid Gaeilge agus deis acu guthán póca saor in aisce a fháil.

Bíodh bród ort agus bí páirteach sa bhfeachtas breá seo. Níl ort ach cibé Gaeilge atá agat a labhairt agus bí ar dhuine den céad míle ball i  Bród Club on www.rte.ie/brodclub.

ENDS